Ag gabháil na scoile i mBéal an Átha Mhóir, Miss O'Donnell an múinteoir a bhíodh aici agus Master Gallagher a bhí ar an máistir.D'fhág sí nuair a bhí sí 16 bliana déag d'aois, chuaigh sí anonn cúpla uair ar laethanta saoire go Glaschú ag teaghlach agus ansin d'imigh sí ag obair go Baile Átha Cliath i dteach dochtúra.